Hebrews 12:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tabhruidh dá bhur naire gan éura do thabhairt don tí lábhras ribh. Oir muna deachuigh an dream úd as tug díultadh don tí labhair ríu as uchd Dé ar an dtalamh, a né nach lúgha ná sin rachmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neamh?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tabhraidh aire gan eiteach do thabhairt do’n té labhras. Óir muna dtáinig an dream slán do dhiúltuigh do’n té thug rabhadh dóibh ar talamh, is lugha‐de thiochfaimíd‐ne slán má thugaimíd cúl do’n té do‐bheir rabhadh ó neamh anuas:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bígí ar bhur bhfaichill gan bheith doicheallach ná diúltach leis an té atá ag labhairt libh. Ní raibh aon imeacht as ag ar eitigh an té a thug rabhadh dóibh ó thalamh, agus is lúide an fhaill imeachta a bheas againne má dhiúltaímid don té a bhíos ag tabhairt rabhaidh dúinn ó neamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó Neamh.