Hebrews 12:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus foillsighidh an rádh so, Fós éunuáir eile, áthrughadh na neitheann atá neimhsheasmhach, mar atá na neithe do rinneadh, ionnus go mbiadh na neithe doghlúaisde comhnuigheach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an focal, Aon uair amháin, cialluigheann sé aistriú na neithe úd atá so‐chorruighthe, mar atá neithe do cruthuigheadh, chum go bhfanfadh na neithe atá do‐chorruighthe ’n‐a gcómhnaidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ciallaíonn na focail seo, “An t-aon uair amháin eile”, go gcuirfear ar ceal a gcroithfear, nach raibh ann nó go ndearnadh é, ionas go mbuanófar an méid nárbh fhéidir a chroitheadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Taispeánann an abairt «uair amháin eile» go dtógfar chun siúil na nithe a mbaintear croitheadh astu, mar gur mar sin a cruthaíodh iad, ionas go bhfanfaidh na nithe atá dochroite.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Taispeánann an abairt “uair amháin eile” go dtógfar chun siúil na nithe a mbaintear croitheadh astu, mar gur mar sin a cruthaíodh iad, ionas go bhfanfaidh na nithe atá dochroite.