Hebrews 12:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a né gur dhearmuid sibh a foirceadal labhras ribh amhuil ré cloinn, A mhic, ná bíodh neamhshuim agad a smachd an Tíghearna, agus ná téidh a nanbhfainne an tan chrónuigheas sé thú:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus atá dearmad déanta agaibh ar an spreagadh tugadh dhaoibh mar bhéadh do chlann‐mhac, A mhic, ná déan neamh‐shuim de smacht an Tighearna, Agus ná caill meisneach nuair cheartuigheas sé thú;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus an bhfuil dearmad déanta agaibh de na briathra úd a bhíodh do bhur ngríosú mar a ghríosódh athair a mhic?— “A mhic, ná bí beag beann ar smacht an Tiarna, agus ná caill do mhisneach nuair a chuireann sé pionós ort.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: «A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lag-mhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú.