Hebrews 12:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhádar fós ar naithreacha colluidhe aguinn na luchd smachduighthe, agus do bheirmís urruim dhóibh: a né nach ro mhó ná sin do bhéuram úmhlachd Dathair na spiorad, agus bíam béo?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Thairis sin, do bhí aithreacha do réir na feola againn chum ár smachtuighthe, agus thugamar urraim dóibh: nach mó go mór an urraim do‐bhéarfaimíd dár nAthair spioradálta chum beatha d’fhágháil?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ansin bhí aithreacha den saol seo againn a chuireadh smacht orainn agus ar thugamar urraim dóibh. Nach móide go mór is cóir dúinn umhlú dʼAthair na spridí uile agus bheith beo?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n-aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n-athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n-aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn a bheith umhal dár n-athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?