Hebrews 13:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír na hainmhinntighe, agá mbeireann an tárdsagart a bhfuil leis a steach don níosdadh náomhtha ar son peacadh, loisgthear a guirp don táobh a muígh don champa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir cuirp na n‐ainmhidhe go dtugann an t‐árd‐shagart a gcuid fola isteach san áit naomhtha, dóightear iad taobh amuigh de’n champa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar bítear ag loscadh taobh amuigh den champa coirp na n-ainmhithe a dtugann an t-ardsagart a gcuid fola isteach sa sanctóir mar íobairt ar son na bpeacaí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n-ainmhithe a dtugann an t-ardsagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is lasmuigh den champa a dhóitear conablaigh na n-ainmhithe a dtugann an t-ard-sagart a gcuid fola isteach san Áit Rónaofa in éiric an pheaca.