Hebrews 13:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tábhruidh úmhlachd do luchd bhur dtréoruighthe, agus íslighe sibh féin dóibh: óir bíd siad ag faire bhur nanmann mar an luchd bhéuras conntas úathadh, chum so do dhéunamh dhóibh maille ré gáirdeachas agus ní ré hosnaighibh: óir as neamhtharbhach dhíbhse so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Bidhidh umhal d’bhúr dtreoruighthibh, agus tabhraidh ómós dóibh: óir bíonn siad ag faire bhur n‐anmanna, mar dhaoine go bhfuil sé de dhualgas ortha cunntas do thabhairt: chum go ndéanfaidh siad go lúthgháireach é, agus ní go doilgheasach: óir ní bhéadh sin chum bhur leasa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bígí ag umhlú do bhur gceannairí agus géilligí dóibh; mar bíonn siad ó chodladh na hoíche ag faire ar bhur n-anamacha mar dhaoine a chaithfidh cuntas a thabhairt iontu. Go ndéana siad seo go lúcháireach, mar is daor a cheannóidh sibh é dá mbeadh brón orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n-anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais dá thabhairt acu do bhur n-anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.