Hebrews 13:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus Día na síothchana, tug air ais ó mharbhuibh an Tíghearna Iósa, árdáodhaire na gcáorach, tré fhuil an chonnartha shíorruidhe,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois, Dia na síothchána thug aodhaire mór na gcaorach ar ais ó na marbhaibh tré fhuil an chonnartha shíorraidhe,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ós é Dia na síochána a thóg arís ó mhairbh trí fhuil an chúnaint shíoraí an mórmhaor sin na gcaorach, ár dTiarna Íosa Críost,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dia na síochána a threoraigh ar ais ó mhairbh ár dTiarna Íosa Críost atá ina aoire mór ar na caoirigh trí fhuil an chonartha shíoraí,