Hebrews 13:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe as geanamhuil na fhíadhnuise, tré Iósa Críosd; dá bhfuil glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
go bhfoirbhidh sé ins gach deagh‐ghníomh sibh, chum a thoil do dhéanamh, ag oibriú ionnainn a bhfuil taithneamhach ’n‐a fhiadhnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal. Amen.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
go raibh sé do bhur bhfeistiú le gach feabhas chun a thoil a dhéanamh, agus go n-oibrí sé ionaibh mar is fearr a thaitneos leis féin, trí Íosa Críost; go raibh glóir dó go saol na saol. Áiméan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcríoch ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Áiméan.