Hebrews 13:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Bíodh cuimhne aguibh ar luchd bhur dtréoruighe, noch do labhair bríathar Dé ribh: agus leanuidh dhá gcreideamh, ag tabhairt aire ré críoch a gcoinbhearsáide:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuimhnighidh ar bhur dtreoraidhthibh, do labhair briathar Dé libh; breathnuighidh deireadh a saoghal ar talamh, agus déanaidh aithris ar a gcreideamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuimhnígí ar bhur gceannairí, ar na daoine úd a Iabhair briathar Dé libh; agus breathnaígi ar an gceann cúrsa a bhíodh acu ina mbeatha, agus déanaigí aithris ar an gcreideamh a bhíodh acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a d' fhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuimhnígí ar na ceannairí a bhí agaibh tráth, an mhuintir a dʼfhógair briathar Dé daoibh. Machnaígí ar dhea-chríoch a saoilsean agus déanaigí aithris ar a gcreideamh.