Hebrews 13:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ná gluáisdear sibh fá gcuáirt ré teagusguibh éugsamhla coimhthigheacha. Oir as maith an croídhe bheith diongmhálta a ngrás; ní a mbíadhuibh, nach deachuigh a dtarbha don druing do ghnáthuigh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná bidhidh d’bhur bhfuadach ag teagascaibh éagsamhla, aisteacha; óir is maith go gcothóchaidhe an croidhe le grása, ní le biadhaibh do bhí gan tairbhe ariamh do na daoinibh do ghnáthuigh iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar an ábhar sin ná bígí do bhur scuabadh ar shiúl ag teagaisc éagsúla aisteacha; ós fearr neart a chur sa chroí le grásta Dé, agus ní le bianna nach mbíodh tairbhe iontu don dream a chleachtadh iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta Dé ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.