Hebrews 2:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsa as cóir dhúinn aire rodhúthrachdach do thabhairt do na néithibh do chúalamar, deagla a ligthe thrínn dúinn uáir ar bith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin is mó is cheart dúinn aire dhúthrachtach do thabhairt do na neithibh do chualamar, ar eagla go rachaimís ar fán uatha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is móide mar sin agus is beaichte a chaithfimid ar chualamar a bhreathnú, ar eagla faillí a dhéanamh iontu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n-imeoimis le sruth.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n-imeoimis le sruth.