Hebrews 2:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid díobh sin chuige; chum an tí agá bhfuil cúmhachd an bháis, éadhon an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, ó tá an chlann rannpháirteach i bhfeoil agus i bhfuil, do ghlac sé féin, leis, páirt ionnta; chum go mbrisfeadh sé, de bhárr an bháis, chumhacht an té go raibh cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin ó bíonn an chlann páirteach i gcolainn agus i bhfuil, bhí seisean mar an gcéanna páirteach iontu, ionas go scriosfadh sé lena bhás an té sin a bhfuil cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil nádúr daonna ag an gclann go léir, ghlac seisean an nádúr céanna sin. Rinne sé é sin chun an té a bhfuil an bás faoina cheannas, is é sin, an diabhal, a scriosadh trína bhás féin,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)