Hebrews 2:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Air a nadhbharsin bá cóir dhó bheith cosmhuil ré na dhearbhráithribh sna huile neithibh, ionnus go mbíadh sé trócaireach agus na ardshagart díleas sna neithibh bheanas ré Día, chum an phubail do ghlanadh ó na bpeacaidhibh maille ré na iodhbairt.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an adhbhar sin ba chóir go ndéanfaidhe é cosmhail ar gach slighe le n‐a bhráithribh, chum go mbéadh sé ’n‐a árd‐shagart trócaireach, ionnraic ins na neithibh bhaineas le Dia, chum cúiteamh do dhéanamh as peacaidhibh an phobail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bʼéigean dó mar sin bheith ar chomh-chosúlacht lena dheartháireacha ar gach aon slí, le bheith ina ardsagart trócaireach dílis i dtreo Dé, ag déanamh leorghnímh i bpeacaí an phobail.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar sin de, níorbh fholáir dó a bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ard-sagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.