Hebrews 2:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do rinne neach a nionad áirighe fíadhnuise, ag rádh; Créd é an duine, go mbeith coimhne agad air? nó mac an duine, go mbíadh dúil agad ann?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht thugadh fiadhnaise i n‐áit éigin, ’g‐á rádh, Créad é an duine, go gcuimhnigheann tú air? Nó mac an duine, go dtagann tú chuige?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá fianaise éigin tugtha áit éigin mar seo, “Cad é an duine go gcuimhníonn tú air, nó mac an duine a mbíonn aire agat air?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, á rá: «Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, dá rá: “Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de?