Hebrews 2:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do chímid Iósa, ar bhfágháil choróine glóire agus onóra, noch do rinneadh feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil tré fhulang an bháis; ionnas go mblaisfeadh sé tré ghrás Dé bás ar son gach áoin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht chímíd Íosa, do rinneadh níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feadh tamaill bhig, chímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’fhulang, chum, tré ghrása Dé, go mblaisfeadh sé bás ar son gach uile dhuine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach feicimid Íosa, a bhí á chur ar feadh seala ghearr ar chéim ab isle ná na haingil, agus barr glóire agus onóra curtha mar choróin air de bharr an bháis a bhí á íhulaingt, ionas go mblaisfeadh sé an bás a rachadh ar sochar do chách le grásta Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa an té a rinneadh níba ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a d' fhulaing sé agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar (is trí ghrásta Dé a) d' fhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é rud a fheicfimid, áfach, ná Íosa–an té a rinneadh níb ísle ná na haingil ar feadh tamaillín i ngeall ar an mbás a dʼfhulaing sé–agus é faoi choróin ghlóire agus onóra; mar is trí ghrásta Dé a dʼfhulaing sé an bás ar mhaithe le cách.