Hebrews 3:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do bhí ro fhearg oram ris an gcineadh sin, agus a dubhairt mé, Atáid síad do ghnáth ar seachrán ann a gcroidhe; agus ní bhfúaradar eólas mo shligheadhsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin do bhíos i bhfeirg leis an ngeinealach úd; Agus adubhart, Bíonn siad i gcómhnaidhe ag dul amudha ’n‐a gcroidhe: Agus do bhíodar gan eolas ar mo shlighthibh;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bharr sin dʼéirigh mʼfhearg leis an nglúin úd, go ndúirt mé, ‘Bíonn a gcroíthe de shíor á mealladh; ní raibh eolas mo shlite acu.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sin é an fáth ar tháinig fearg orm leis an nglúin sin agus go ndúirt mé: 'Tá croíthe guagacha ag na daoine seo i gcónaí; níor fhoghlaim siad mo bhealaí riamh.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sin é an fáth ar tháinig fearg orm leis an nglúin sin agus go ndúirt mé: ‘Tá croíthe guagacha ag na daoine seo i gcónaí; níor fhoghlaim siad mo bhealaí riamh.’