Hebrews 3:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd teagusguidh a chéile go láeth eamhuil, an feadh ghoirthear An lá niúgh dhe; deagla éanduine aguibh do dhul a gcrúas tré mhealltóireachd an pheacuidh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht bidhidh ag brostú a chéile lá i ndiaidh lae, a fhaid agus glaodhtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruadhóchaidhe aon duine
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bíodh gach duine agaibh ag spreagadh a chéile gach lá, chomh fada is a thugtar “inniu” air, ionas nach gcalcfar croí aon duine agaibh le cluain an pheaca.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Gach lá, fad a bhíonn «an lá inniu» seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Gach lá, fad a bhíonn “an lá inniu” seo ann, bígí ag gríosú a chéile ar eagla go ndéanfaí aon duine agaibh a chruachan le mealltacht an pheaca.