Hebrews 3:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ar na chluinsin, do dhruing áirighe, do bhrósduigheadar: bíodh nách dearnadar uile an mhéid tháinic as a Néigipt tré Mháoise mar sin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir ciarbh iad do chuala agus do rinne ceannairc? Nárbh iad‐san go léir tháinig as an Éigipt i n‐éinfheacht le Maois iad?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cé hiad a chuala agus dá ainneoin sin a bhí ceannairceach? Nach iad an dream uile sin a dʼfhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a d' fhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
caithfear a fhiafraí cérbh iad na daoine a chuala é agus a rinne ceannairc ina aghaidh. Nárbh iad na daoine go léir iad a dʼfhág an Éigipt faoi cheannas Mhaois?