Hebrews 3:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd cía an dream ré a raibh a fhearg ar feadh dhá fhithchead blíadhan? an é nách ris an druing do pheacuidh, agár thuiteadar a gcuirp sa bhfásach?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus cia leo go raibh Dia i bhfeirg ar feadh dhá fhichid bliadhan? Nárbh iad‐san do rinne peacadh iad, gur thuit a gcuirp san bhfásach?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus cé hiad a chuir fearg air i rith daichead bliain? Nach iad siúd a rinne an peaca, ar thit a gcoirp ar lár ar an bhfásach?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus cérbh iad na daoine a raibh sé i bhfeirg leo ar feadh daichead bliain? Nárbh iad na daoine a rinne peaca agus a thit fuar marbh ina gcorpáin san fhásach?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus cérbh iad na daoine a raibh sé i bhfeirg leo ar feadh daichead bliain? Nárbh iad na daoine a rinne peaca agus a thit fuar marbh ina gcorpáin sa bhfhásach?