Hebrews 3:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus go deimhin do bhí Máoise díleas ann a thíghsean uile, mar shearbhfhoghantuigh, chum fíadhnuise na neítheann do bhí chum a labhartha;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus go dearbhtha, do bhí Maois dílis mar sheirbhíseach ’n‐a thigh‐sean uile, chum fiadhnaise do thabhairt ar na neithibh do bhí le h’innsin ’n‐a dhiaidh sin;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí Maois dílis i dteach uile Dé mar thimire, mar fhianaise ar a mbeifí á rá ina dhiaidh sin,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cinnte, bhí Maois dílis i dteaghlach uile Dé, ach mar sheirbhíseach a bhí le fianaise a thabhairt ar na nithe a bhí le fógairt níos déanaí;