Hebrews 3:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd atá Críosd mar mhac a gceannas a thighe féin; agár ab sinne a thígh, má chungbhamuid go daingean go teachd don chrích dheigheanuigh dóthchas agus gairdeachas na muinighne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht is amhlaidh atá Críost mar Mhac os cionn tighe Dé; agus is sinne a theach‐san, acht ár muinighin agus an dóchas atá mar adhbhar glóire againn do chongbháil go daingean go deireadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach bhí Críost dílis mar mhac a bhí os cionn theach Dé. Agus is dá theachsan sinne, ach seasamh go daingean leis an dóchas a bhfuil ár maíomh agus ár muinín as.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas daingean go dtí an deireadh.