Hebrews 4:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin biodh faitcheas oruinn, deagla, ar dtréigean na geallamhna uáir ár bith ré dhul a steach na shuáimhnios, go measfuidh áoinneach aguibhse bheith air fágbháil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Bíodh eagla orainn, d’á bhrigh sin, chómh fada agus fágthar an gheallamhain chum dul isteach ’n‐a shuaimhneas, a mheas gur theip ar aon duine agaibh breith uirthi.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin, chomh fada agus a fhanann an gealltanas sin teacht chun a shuaimhnis in éifeacht, bíodh sé ina chúis eagla againn a bheith le meas gur theip ar aon duine agaibh a shroicheadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, cé go seasann an gealltanas faoi dhul isteach ina áitreabh suaimhnis go fóill, bíodh imní orainn ar eagla go measfaí go bhfuil teipthe ar aon duine agaibh é a bhaint amach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá bhrí sin, cé go seasann an gealltanas faoi dhul isteach ina áitreabh suaimhnis go fóill, bíodh imní orainn ar eagla go measfaí go bhfuil teipthe ar aon duine agaibh é a bhaint amach.