Hebrews 4:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir atá briathar Dé beo, bríoghmhar, níos géire ’ná aon chlaidheamh dhá fhaobhar. Téigheann sé isteach idir an anam agus an spiorad, idir na h‐ailt, agus an smior, agus scrúduigheann sé smaointe agus meon an chroidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ós beo bíogúil é briathar Dé, agus is géire é ná claíomh défhaobhrach, agus é ag tolladh go dtí idir an t-anam agus an sprid, idir an t-alt agus an smior, agus ag scagadh idir smaointe agus ruin fholaithe an chroí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir, tá Briathar Dé beo bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.