Hebrews 4:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir ní fhuil árd‐shagart againne nach bhféadann cómhfhulang le n‐ár laige; acht is amhlaidh do cuireadh airsean ar cuireadh de chathuighthibh ariamh orainne, acht amháin gan peacadh do dhéanamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar níl sin againn, ardsagart nach bhféadann comhbhrón a bheith aige lenár laigí, ach duine ar cuireadh cathú air ar an nós céanna linne, ach amháin nach bhfuil peaca déanta aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní hamhlaidh atá ard-sagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.