Hebrews 4:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin déanaimís dánacht ag druidim le righ‐chathaoir an ghrása, chum tróchaire agus grása d’fhágháil chum conganta linn i h‐uair an ghábhaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Druidimis mar sin go neamheaglach le ríchathaoir na ngrást, chun go mbeidh trócaire orainn agus grásta le fáil againn san am sin a mbíonn riachtanas againn leo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le ríchathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimis grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá bhrí sin, druidimis go muiníneach le rí-chathaoir an ghrásta le súil go ndéanfar trócaire orainn agus go bhfaighimid grásta a chabhróidh linn in am an ghátair.