Hebrews 4:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Oír do seanmóruigheadh an soisgéul dúinne, amhuil do rinne dhóibhsion mar an gcéudna: gidheadh ní dheachuidh an bhríathar do chúaladar a dtarbha dhóibh, do bhrígh nách raibh sí ar na cumusg ré creideamh sa druing do chúaluidh í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do craobhscaoileadh an soiscéal dúinne, mar craobhscaoileadh é dhóibh‐sean: acht níorbh aon tairbhe dhóibh an briathar do chualadar, toisc nach raibh creideamh ’n‐a bhun ag na daoinibh do chuala é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tháinig an dea-scéal chugainne mar a tháinig sé chucusan; ach ní dheachaigh an scéal a chuala siad ar sochar dóibh, ar an tsiocair nach raibh creideamh i lucht a éiste le cur leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibh-sean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.