Hebrews 4:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Oir téighemidne an dream chreideas a steach sa tsuáimhnios,) do réir mar a dubhairt sé, Ar a nadhbharsin tug mé mo mhionna um fheirg, nach rachuid síadsan a steach am shuáímhnios: bíodh gur críochnuigheadh na hoibreacha ó thús an dómhuin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir sinne do chreid téighmíd isteach san tsuaimhneas sin: fá mar dubhairt sé, Mar mhionnuigheas im’ dhíbheirg, Ní rachaidh siad isteach im’ shuaimhneas: bíodh go raibh na h‐oibreacha críochnuighthe ó thosach an domhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar téimidne a chreideas isteach sa suaimhneas úd, mar atá ráite aige, “Mar mhionnaigh mé i mʼfhíoch, ‘Ní rachaidh siad i seilbh mo shuaimhnis,’ ” cé go raibh a chuid oibre críochnaithe ó bhunú an domhain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach sinne, a bhfuil an creideamh againn, táimidne ag dul isteach san áitreabh suaimhnis, faoi mar atá ráite aige: «Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: 'Ní rachaidh siad isteach i m' áitreabh suaimhnis choíche.'» Dúirt sé é sin bíodh go raibh deireadh le hobair Dé nuair a cruthaíodh an domhan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach sinne, a bhfuil an creideamh againn, táimidne ag dul isteach san áitreabh suaimhnis, faoi mar atá ráite aige: “Dá dheasca sin thug mé an mionn seo uaim le corp feirge: ‘Ní rachaidh siad isteach i mʼáitreabh suaimhnis choíche.’” Dúirt sé é sin bíodh go raibh deireadh le hobair Dé nuair a cruthaíodh an domhan.