Hebrews 4:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Orduighe sé a rís, lá airighe, ag rádh a Ndáibhi, A niúgh, a ndiáigh a comhfhad sin daimsir; (mar a dubhradh,) A niúgh má chluin sibh a ghúth, ná crúaidhighe bhur gcroídhthe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ainmnigheann sé lá eile arís, g‐á rádh tré Dháibhí, tar éis aimsire chómh fada sin, Indiu, mar adubhradh cheana, Indiu, má chluineann sibh a ghuth, Ná cruadhuighidh bhur gcroidheacha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ainmníonn sé lá áirithe, “Inniu,” ag rá trí bhéal Dháibhí chomh fada sin ina dhiaidh sin sna briathra a luadh cheana, “Inniu nuair a chluineas sibh a ghlór, ná cruaigí bhur gcroíthe.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
shocraigh Dia ar lá eile a bheith ina «lá inniu», nuair a labhair sé i bhfad níos déanaí trí Dháiví na focail seo atá luaite againn thuas: «Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
shocraigh Dia ar lá eile a bheith ina “lá inniu”, nuair a labhair sé i bhfad níos déanaí trí Dháiví na focail seo atá luaite againn thuas: “Má chloiseann sibh a ghuth inniu, ná cruaigí bhur gcroí.”