Hebrews 5:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír sibhse dár chóir bheith bhur luchd teaguisg do réir aimsire, as riachdanus dáoibh a rís sinne bhir dteagusg a gcéudthosuighibh bhréithre Dé; agus tárrla dhibh beith sa ríochdsin gur mó atá bainne duireasbhuidh oruibh, na bíadh láidir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir nuair ba cheart daoibh fá’n am so bheith ’n‐bhur múinteoiribh, is amhlaidh atá gábhadh agaibh le duine do mhúinfeadh céad‐riaghlacha briathair Dé dhaoibh; agus atá sibh i riocht daoine gur mó atá bainne d’uireasbaidh oraibh’ ná biadh tacamhail.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
San am ar chóir daoibh bheith ag tabhairt teagaisc uaibh, tá feidhm agaibh le duine a mhúinfeadh uraiceacht bhriathar Dé daoibh. Ní le bia tirim ach le bainne cíche atá feidhm agaibh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir, cé gur chóir daoibh bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní briathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir, cé gur chóir daoibh a bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní bhriathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne.