Hebrews 5:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dá bhrígh so atá dfiachuibh air, iodhbairt do dhéunamh ar son na bpeacadh, ar son an phubail, agus ar a shon féín mar an gcéudna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar an adhbhar sin atá d’fhiachaibh air íodhbairt do dhéanamh i n‐éiric na bpeacadh, ní h‐é amháin ar son an phobail, acht ar a shon féin, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin tá sé de dhualgas air íobairt a dhéanamh ar son a chuid peacaí féin maraon le híobairt ar son peaca an phobail.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní hamháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith.