Hebrews 6:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ní bhfuil Día neamhchomhthrom, go mbíadh dearmud aige ar bhur nobair agus air sháothar bhur ngrádha, noch do fhoillsigheabhair dhá ainm, sa miniondrálachd do rinneabhair, agus fós do ní sibh do na náomhuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir ní fhuil Dia éagcórach go ndéanfadh sé dearmad ar bhur saothar agus ar an ngrádh do thaisbeáin sibh d’á ainm, mar rinne sibh friotháileamh ar na naomhaibh, agus mar ghníonn sibh fós.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar níl Dia chomh héagórach agus go mbeadh sé dall ar bhur saothar agus ar an ngrá Dé a rinne sibh ar na naoimh, mar atá á dhéanamh agaibh go fóill.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo dá dhéanamh agaibh fós.