Hebrews 6:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As mar an gcéudna ar mbeith do Dhía fonnmhar ar a chomhairle neamhchorruidh dfoilliughadh go ro fhoirrleathan doighribh na geallamhna, do dhearbhuidh sé é ré mionnuibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, ó thárla gur mhian le Dia buain‐tseasmhacht a raibh ceaptha aige i gcómhair oidhrí na geallamhna do thaisbeáint níos cruinne, thug sé an mionn isteach:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin nuair ba mhian le Dia neamhathraitheacht a ruin a dhéanamh níos soiléire dʼoidhrí an ghealltanais, chuir sé mionn isteach idir é agus iad,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar an gcéanna, nuair ba mhian le Dia a thaispeáint ní ba shoiléire ná riamh do na daoine ar tugadh an gealltanas dóibh nach bhféadfadh athrú a theacht ar a chomhairle, thug sé mionn uaidh mar dhearbhú air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)