Hebrews 7:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin dá dtigeadh iomláine tré shagarthachd na Lebhíti, (óir is ré linn na sagarthachda sin tugadh an reachd don phobal,) créd fá raibh riachdanus ní sa mhó ré sagart eile éirghe ann do réir uird Mhelchísédec, agus gan bheith dhó ar na ghairm do réir uird Aáron?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois má bhí lán‐fhoirbheacht le fágháil de bhárr na sagartachta Lébhíticighe (óir is fá’n sagartacht sin fuair an pobal an dlighe), cia an gábhadh do bhí le sagart eile d’éirghe do réir úird Mhelcisedec, gan a áireamh mar bhéadh sé do réir úird Aáróin?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois má bhí aon chríoch ar an tsagartacht Lébhíteach (ós faoi a ghlac an pobal an dlí), cad é an gnó a bhí le sagart eile de réir ord Mhelcisedec, thar sagart a ainmníodh de réir ord Áróin?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)