Hebrews 7:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír as ní follas gur do threibh Iúda do éirigh an Tighearna; treabh ar nar labhair Máoise éinni a dtáobh na sagartachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is léir gur shíolruigh ár dTighearna ó threibh Iúda; treabh nár labhair Maois éinnidh bhaineas leis an sagartacht ’n‐a taobh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is soiléir gur tháinig ár dTiarna de shliocht Iúda, treibh nach ndúirt Maois aon fhocal faoi i dtaobh sagart.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.