Hebrews 7:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ní dhearna an reachd ní ar bith iomlán, achd teachd a steach a muinighne as féarr; tré na dtigmíd a bhfogus do Dhía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
gan tairbhe (óir níor chuir an dlighe éinnidh i gcrích), agus atá dóchas is fearr ’ná í, tré n‐a ndruidimíd i ngiorracht do Dhia, d’á thabhairt isteach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
(ó nár chuir an dlí aon ní i gcrích); os a choinne sin tugtar an bealach do dhóchas is láidre a dtagaimid tríd i láthair Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.