Hebrews 7:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tug Abraham deachmhuigh na nuile neitheann dó; noch dá ngoirthear ar tús ar na eidirmhíniughadh Rí na fíréuntachda, agus na dhiáigh sin mar an gcéudna, Rí Shálem, eadhon, Rí na siothchána;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus thug beannacht dó, d’á dtug Abracham an deachmhadh cuid de’n uile nidh (ar mbeith dhó, ar n‐a mhíniú, Rí na fíréantachta, agus Rí Shálem,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ar roinn Abracham an deichiú cuid den uile ní leis. Má aistrítear a ainmneacha, is é rí na fíréantachta é, sa chéad áit, agus ina dhiaidh sin is é rí Shalem, is é sin, rí na síochána é freisin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é «Rí na Fíréantachta» an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé «Rí Shailéim,» is é sin, «Rí na Síochána,» freisin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é “Rí na Fíréantachta” an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé “Rí Shálaem,” is é sin, “Rí na Síochána,” freisin.