Hebrews 7:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Oir do rinneadh sagairt díobhsan gan mhionnuibh trés an tí a dubhairt ris, Tug an Tíghearna mionna agus ní ghéubhuidh aithreachas é, As sagart thú go síorruidhe do réir uird Mhelchísedec:)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
(óir do rinneadh sagart díobh‐san gan mionn), acht do rinneadh sagairt de’n té úd le mionn tríd an té adubhairt leis, Do dhearbhuigh an Tighearna, agus ní athróchaidh sé a aigne, Is sagart go síorraidhe thú;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An méid a bhíodh roimhe seo ina sagairt chuaigh siad i gcionn a n-oifige gan mhionn, ach glaodh ar an sagart seo le mionn, “Thug an Tiarna a mhionn agus ní athróidh sé a intinn, ‘Is sagart tú go síoraí,’ ”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a rinneadh sagart d' Íosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: «Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: 'Is sagart síoraí thú.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a rinneadh sagart dʼÍosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’”