Hebrews 7:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do bhrígh go maireann ann fearsa, go siorruidhe, atá sagartachd shíorruidhe aige.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht de bhrigh go maireann seisean go síorraidhe, atá sagartacht síor‐bhuan aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach bíonn sagartacht aigesean nach ligeann sé uaidh, ó bíonn sé ann go brách.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo.