Hebrews 7:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin atá ar chumas dó na daoine thig chum Dé tríd do shlánú ar fad, de bhrigh go maireann sé beo i gcómhnaidhe chum eadarghuidhe do dhéanamh ar a son.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin féadann sé slánú síoraí a bhronnadh ar an dream a thiocfas i ngar do Dhia tríd, ó maireann sé go deo le bheith ina idirghabhálaí ar a son.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idir-ghuí a dhéanamh ar a son.