Hebrews 7:27 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar nách bhfuil riachdanus go láetheamhuil, mar do bhí ar na hárdsagartuibh úd, iodhbartha do dhéunamh ar tús, ar son a pheacuigheadh féin, na dhiáigh sin ar son pheacuigheadh an phobail: óir do rinne sé so eunúair amháin, an tan do rinne sé íodhbairt de féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus é níos áirde ’ná na flaithis: nach gábhadh dhó, ar nós na n‐árd‐shagart úd, íodhbartha d’ofráil go laetheamhail, ar son a pheacaidhe féin ar dtús, agus ar son peacaidhe an phobail ’n‐a dhiaidh sin: óir do rinne sé an t‐aon uair amháin é, d’á ofráil féin mar íodhbairt.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níl feidhm air mar a bhíos ar na hardsagairt úd eile a bheith ag ofráil íobairtí ó lá go lá, íobairt ar son a chuid peacaí féin agus íobairt eile ar son pheacaí an phobail; ó tá sin uile déanta aige don aon uair agus iarracht amháin ina íobairt féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d' ofráil sé é féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric pheacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a dʼofráil sé é féin.