Hebrews 7:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gan athair, gan mháthaír, gan chineadh, gan tosach laetheadh, ná deireadh beatha aige; achd ar na chur a gcosamhlachd Mhic Dé; fanuigh sé na shagart go síorruidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
leis, is é sin Rí na síothchána, gan athair, gan máthair, gan geinealach, gan tosach laethe ná deireadh saoghail, acht do rinneadh cosmhail le Mac Dé), fanann sé ’n‐a shagart de shíor.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá sé gan athair gan mháthair gan ghinealach, gan tús ar a laethanta ná deireadh ar a shaol beatha, ach é ag maireachtáil ina shagart go síoraí i gcomhchosúlacht Mhac Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ardsagart go deo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ard-sagart go deo.