Hebrews 7:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus go deimhin an dream do chloinn Lébhi, ghabhus an tsagartachd chuca, atá áithne aca réir an reachda deachmhuigh do ghabhail ón bpobal, eadhon, ó na ndearbhráithribh féin, bíodh go dtangadar ó leasrach Abraham.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an méid de chlann‐mhac Lébhí do‐gheibh órd sagartachta, atá sé de cheart aca, do réir an dlighe, deachmhaithe do ghearradh ar an bpobal, is é sin ar a mbráithribh, bíodh go dtáinig siad as leasrachaibh Abrachaim:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ordaítear sa dlí do shliocht Lébhí a ghlacas le hoifig na sagartachta deachúna a thógáil óna mbráithre féin siúd is gur de shliocht Abrachaim iad chomh maith le duine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
De réir an dlí, anois, tá sé de dhualgas ar an gcuid sin de chlann Léiví a ndéantar sagairt díobh deachaithe a ghearradh ar an bpobal, is é sin, ar a mbráithre féin, siúd is gur de shliocht Abrahám iadsan freisin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
De réir an dlí, anois, tá sé de dhualgas ar an gcuid sin de chlann Léiví a ndéantar sagairt díobh deachúna a ghearradh ar an bpobal, is é sin, ar a mbráithre féin, siúd is gur de shliocht Abrahám iad-san freisin.