Hebrews 7:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ann so glacuid na dáoine gheibh bás deachmhuigh; achd ann súd, an ti ré ndeárnadh fíadhnuise go maireann sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus annso do‐gheibh daoine so‐mharbhtha deachmhaithe; acht annsúd an té do‐gheibh iad, tugtar fiadhnaise ’n‐a thaobh go maireann sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anseo bíonn fir bhás-mhara ag tógáil deachúna; ach ansiúd duine a dtugtar fianaise air go maireann sé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ina theannta sin, [i gcás na sagart] is daoine básmhara a fhaigheann na deachaithe; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ina theannta sin, is daoine básmhara a fhaigheann na deachúna; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí.