Hebrews 8:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a sé so suim na neitheann a deirmíd: Atá a shámhuil sin dárdshagart aguinn, noch do shúigh ar deis árdchatháoire na Mórdhachda sna flaithís;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Anois, is é an poinnte is tábhachtaighe de’n méid atá ráidhte againn: Atá a leithéid d’árd‐shagart againn, atá ’n‐a shuidhe ar dheas‐láimh na Mórdhachta ins na flaitheasaibh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois le ceann a bhaint dár scéal: tá a shamhail sin dʼardsagart againn cheana, agus é ina shuí ar dheasláimh ríchathaoir na Mórgachta ar neamh,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é seo anois an rud is tábhachtaí dá bhfuil á rá againn: tá ardsagart den sórt sin againn. Chuaigh sé ina shuí ar dheis ríchathaoir na Mórgachta diaga sna flaithis,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é seo anois an rud is tábhachtaí dá bhfuil dá rá againn: tá ard-sagart den sórt sin againn. Chuaigh sé ina shuí ar dheis rí-chathaoir na Mórgachta diaga sna flaithis,