Hebrews 8:10 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ag so an connradh do dhéuna mé ré tigh Israél a ndiáigh na laetheadhsin, a deir an Tíghearna; Cuirfe mé mo dhlighthe ann a ninntinn, agus sgriobhthad íad ann a gcroídhe: agus biáidh mé um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agumsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is é seo an connradh dhéanfad le teaghlach Israel Tar éis na laethe úd, adeir an Tighearna: Cuirfead mo dhlighthe isteach ’n‐a n‐aigne, Agus scríobhfad ar a gcroidhe iad: Agus béidhead im’ Dhia aca, Agus béidh siad‐san ’n‐a bpobal agam:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é seo an cúnant a chónascfaidh mé le teaghlach Iosrael i ndiaidh na laethanta úd, deir an Tiarna; cuirfidh mé mo dhlíthe ina luí ar a n-intinn, agus scríobhfaidh mé ar a gcroíthe iad, agus beidh mise i mo Dhia acu, agus beidh siadsan ina bpobal agam.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n-aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n-aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siad-san ina bpobal agam-sa.