Hebrews 8:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ní bhiáidh gach áon fó leith ag teagusg a chomharsan, agus gach áon fo leith ag teagusg a dhearbhráthar, ag rádh, Bíodh aithne air an Dtíghearna agad: óir biáidh eólus aca uile oramsa ón mbeag gus an mór.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní mhúinfidh gach duine a chómharsa, Agus gach duine a bhráthair, g‐á rádh, Bíodh aithne agat ar an Tighearna: Óir béidh aithne ag gach uile dhuine orm, Ó’n té is lugha go dtí an té is mó dhíobh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ní bheifear ag teagasc a chéile ná fear ag rá lena chomharsa, ‘Bíodh aithne ar Dhia agat’, mar beidh aithne acu uile go léir orm, ón té is isle go dtí an té is uaisle orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní bheidh ar aon duine acu a chomharsa nó a bhráthair a mhúineadh, á rá: Bíodh aithne agat ar an Tiarna. Óir beidh aithne ag cách orm ó liath go leanbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní bheidh ar aon duine acu a chomharsa nó a bhráthair a mhúineadh, dá rá: Bíodh aithne agat ar an Tiarna. Óir beidh aithne ag cách orm ó liath go leanbh.