Hebrews 8:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do ní seirbhís do shompla agus do sgáile na neitheann neamhdha, amhuil do fhógair Día do Mháoise ar mbeith dhó ar tí an tabearnacail do chríochnúghadh: tabhair aire riot, ár sé, Go ndéan tú na huile neithe do réir an tsompla do taisbéunadh dhuit sa tslíabh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
fir do‐ghní friotháileamh ar shompla agus ar scáil na neithe neamhdha, fá mar fuair Maois fógra agus é ar tí an tabernacal do dhéanamh: Óir féach chuige ars’ sé, go ndéanaidh tú gach uile nidh do réir an tsompla do taisbeánadh ar an gcnoc duit.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ní bhíonn siadsan ach ag fón-amh do shanctóir atá ina scáil agus ina aithris ar an sanctóir ar neamh; mar ordaíodh ó bhéal Dé do Mhaois a bhí leis an bpailliún a fheistiú, “Bíodh aire agat le gach aon rud a dhéanamh de réir an mhúnla a nochtadh duit ar an sliabh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: «Féach chuige,» ar sé, «go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar Neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: “Féach chuige,” ar sé, “go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.”