Hebrews 8:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní réir an chonnartha do rinne mé ré na naithribh sa lá ann a rug mé ar láimh orrtha chum a dtreóruighthe as talamh na Héigipte; óir níor fhanadar a mbun mo chonnartha, agus ní raibh cás agumsa iónntadhsan, a deir an Tíghearna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Connradh nach mbéidh cosmhail leis an gconnradh do rinneas le n‐a sinnsearaibh, San lá ’n‐a rugas ar láimh ortha g‐á dtreorú amach as tír na hÉigipte: Óir níor sheasuigheadar i mbun mo chonnartha, Agus d’iompuigheas uatha, adeir an Tighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
nach cosúil é leis an gcúnant a rinne mé lena sinsir sa lá ar ghlac mé ar ghreim láimhe iad lena seoladh as tír na hÉigipte amach; mar níor choinnigh siad le mo chúnantsa, agus dá bhrí sin ní raibh aon aird agam orthu, deir an Tiarna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar láimh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, a deir an Tiarna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar lámh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, deir an Tiarna.