Hebrews 9:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar mbeith dhóibh amháin a mbiadhuibh agus a ndeochuibh, agus a nionlatuibh éugsamhla, agus a ngnáthuighthibh colluidhe, do cuireadh orrtha duálach go teachd aimsire an cheartuighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
nach bhfuil ionnta (idir biadha, agus deocha, agus ionnlaidhthe éagsamhla) acht gnáth‐nósanna saoghalta, do cuireadh ar bun go dtí aimsir an cheartuighthe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
nach mbaineann ach le bia agus deoch agus ionluithe, rialacha a bhaineas leis an gcolainn nach bhfanann i bhfeidhm ach go dtí am an athchóirithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha foirimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir baineann siad le cúrsaí bia agus dí agus le níocháin éagsúla. Níl iontu ach deasghnátha forimeallacha atá i bhfeidhm go dtí lá an leasaithe amháin.