Hebrews 9:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar dteachd do Chríosd na árdshagart na neitheann maith do bhí chum teachda, tré thabearnácail bá mó agus bá diongmhálta, nách dearnadh ré lámhuibh, ionann sin ré radh agus, nach don nobairse;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht, iar dteacht do Chríost mar árd‐shagart na n‐aoibhneas atá le teacht, tré thabernacal is mó agus is iomláine, nach ndearnadh le lámhaibh, is é sin nach de’n tsaoghal so,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a tháinig Críost i láthair mar ardsagart na maitheasaí atá tar éis teacht, ba ansin a chuaigh sé tríd an bpailliún is mó agus is iomláine (pailliún nach bhfuil lámhdhéanta, is é sin le rá nach rud cruthaithe den saol seo é)
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach tháinig Críost agus é ina ard-sagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí ann a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.